32
Comhéadan Bluetooth Ísealfhuinnimh (BLE) is ea Bluelink Pro a chuireann
ar chumas ríomhaire tumadóireachta cumarsáid a dhéanamh le gléas cliste
trí fheidhmchlár ar leith. Ní mór don ghléas cliste a bheith comhoiriúnach
le Bluetooth Ísealfhuinnimh 4.0.
Cuireann an feidhmchlár ar chumas an ghléis chliste nascadh leis an
ríomhaire tumadóireachta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Faisnéis a léamh (amhail an múnla agus an tsraithuimhir)
- An logleabhar a íoslódáil (íoslódáil sonraí)
- Na dochtearraí a uasghrádú (uaslódáil sonraí)
Tá Bluelink Pro comhoiriúnach le:
• Puck Pro +
• Smart
• Quad
• Puck Pro (GAN nuashonrú dochtearraí)
• Táirgí eile de chuid Mares a bhfuil an nasc céanna acu amach anseo
Nascann Bluelink Pro leis an ríomhaire tumadóireachta ar an mbealach
céanna leis an ngnáth-chomhéadan cábla. Breathnaigh ar lámhleabhar
úsáideora an ríomhaire tumadóireachta lena fháil amach cén chaoi
amhlaidh a dhéanamh.
MÓD OIBRIÚCHÁIN
Nuair nach mbíonn Bluelink Pro á úsáid, fanfaidh sé i mód ísealchumhachta
d’fhonn an ceallra a chaomhnú. Tugtar DeepSleep ar an ngné seo.
Le nasc a chur ar bun leis an ngléas cliste, lean na céimeanna seo a leanas:
• Cuir an Ríomhaire Tumadóireachta i mód “PC Ready”. Féach lámhleabhar
an ríomhaire tumadóireachta le sonraí a fháil.
• Nasc Bluelink Pro leis an ríomhaire tumadóireachta (féach an pictiúr). Tar
éis a nasctha, casfaidh an LED atá ar an Bluelink Pro air – beidh gorm go
ceann 5 soicind agus caochfaidh ina dhiaidh sin go ceann 55 soicind.
• Agus an LED ag caochadh, tá Bluelink Pro réidh le cumarsáid a
dhéanamh leis an ngléas cliste.
• Mura dtarlaíonn aon chumarsáid idir Bluelink Pro agus an gléas cliste
laistigh de na 55 soicind sin, fillfidh Bluelink Pro ar mhód DeepSleep
leis an gceallra a chaomhnú agus casfaidh an LED as. Má thosaítear
iarracht nasctha ansin, teipfidh uirthi de bharr go mbeidh Bluelink Pro
fillte ar mhód DeepSleep. Le Bluelink Pro a mhúscailt agus tús a chur
le nasc nua, dínasc Bluelink Pro ón ríomhaire tumadóireachta agus
athnasc é. Beidh an solas gorm go ceann 5 soicind agus caochfaidh ina
dhiaidh sin go ceann 55 soicind.
• Le tús a chur le cumarsáid, oscail an feidhmchlár agus cuir tús leis
an nasc (féach treoracha an fheidhmchláir lena fháil amach cén chaoi
amhlaidh a dhéanamh).
• Tar éis an nasc a chur ar bun, athróidh an solas gorm go glas agus
beidh na gléasanna réidh le cumarsáid a dhéanamh lena chéile.
• Má tharlaíonn sé tar éis don solas athrú go glas nach malartófar aon
sonraí go ceann 60 soicind, tosóidh an LED ag caochadh dearg lena
chur in iúl don úsáideoir go bhfuil an seisiún ar tí dul in éag. Mura
malartófar aon sonraí go ceann 30 soicind eile, cuirfear deireadh leis an
nasc agus fillfidh Bluelink Pro ar mhód DeepSleep.
• Agus an solas glas nó dearg, cuirfear an comhaireamh síos 60+30
soicind ag náid arís chomh luath agus a mhalartaítear sonraí.
• Má chuireann an feidhmchlár deireadh leis an nasc (mar shampla, de
bharr gur dhún an t-úsáideoir an feidhmchlár), caochfaidh solas gorm
ar Bluelink Pro go ceann 60 soicind, rud a fhágann go mbeifear in ann
nasc nua a chur ar bun le linn na tréimhse sin.
ATHSHOLÁTHAR AN CHEALLRA
Cineál an cheallra: Ian Litiam, 3V, cineál CR2450
Braithfidh saolré an cheallra ar líon na nasc a dhéanfar. Mar thagairt, má
dhéantar 200 nasc in aghaidh na bliana, mairfidh an ceallra go ceann dhá
bhliain a bheag nó a mhór.
Leis an gceallra a athsholáthar, díscriúáil clúdach íochtair an cháis ach
an dá scriú a bhaint de, ansin ardaigh an clúdach le hurrann an cheallra
a nochtadh. Bain an ceallra de agus cuir an ceallra nua ina ionad. Déan
cinnte de go dtugann tú airde ar an bpolaraíocht (+ amach).
COMHARTHAÍ AITHEANTAIS AN TÁIRGE
Tá an tsraithuimhir agus an seoladh MAC faoi bhun chlúdach urrann an
cheallra.
DIÚSCAIRT AN GHLÉIS
Déan an gléas seo a dhiúscairt mar dhramhthrealamh leictreonach. Ná
caith amach sa ghnáthbhruscar é.
Más fearr leat, féadfaidh tú an gléas a thabhairt ar ais chun do dhéileálaí
áitiúil de chuid Mares.
BARÁNTAS
Tá barántas dhá bhliain le gach táirge de chuid Mares faoi réir na
dteorainneacha agus na gcoinníollacha seo a leanas:
Tá an barántas neamh-inaistrithe agus níl feidhm aige ach amháin ar an
gceannaitheoir bunaidh.
Tá táirgí de chuid Mares faoi bharántas in aghaidh lochtanna ó thaobh
ábhar agus saoirseachta de:
athsholáthrófar saor in aisce páirteanna a fhaightear atá lochtach tar éis
iniúchadh teicniúil a dhéanamh orthu.
Séanann Mares S.p.A. gach freagracht as timpistí d’aon chineál a
tharlóidh mar thoradh ar bhaint de tháirgí dá chuid nó ar úsáid mhícheart
a bhaint astu.
Ní mór aon táirge atá á thabhairt ar ais lena ollchóiriú nó lena dheisiú
faoin mbarántas, nó ar aon chúis eile, a chur ar aghaidh tríd an díoltóir i
dteannta an chruthúnais ceannacháin.
Taistealóidh na táirgí ar phriacal an tseoltóra.
FCC: RÁITEAS AN CHOIMISIÚIN FHEIDEARÁLAIGH
CUMARSÁIDE (FCC)
Tá an gléas seo in oiriúint le cuid 15 de rialacha an FCC. Tá a oibriú faoi
réir an dá choinníoll seo a leanas:
(1) Ní ceadmhach don ghléas seo a bheith ina chúis le trasnaíocht
dhíobhálach, agus
(2) Ní mór don ghléas seo glacadh le haon trasnaíocht a gheofar,
lena n-áirítear trasnaíocht a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hoibriú
neamh-inmhianaithe.
Uimhir aitheantais an FCC: 2AIKSBLNK
RABHADH ÓN FCC
D’fhéadfadh aon athruithe nó aon mhionathruithe, nach bhfuil formheasta
go sonrach ag an bpáirtí atá freagrach as comhlíonadh, údarás an
úsáideora chun an trealamh a oibriú a chur ar neamhní.
Rinneadh an trealamh seo a thástáil agus fuarthas go gcomhlíonann sé
na teorainneacha maidir le gléas digiteach Aicme B, de bhun chuid 15
de Rialacha FCC. Tá na teorainneacha sin ceaptha le cosaint réasúnta a
thabhairt i gcoinne trasnaíocht dhíobhálach i bhfearais tí. Déanann an
trealamh seo fuinneamh radaimhinicíochta a ghiniúint agus a úsáid agus
is féidir leis an gcéanna a radú freisin agus, mura mbíonn sé feistithe i
gceart agus mura n-úsáidtear de réir na dtreoracha é, d’fhéadfadh sé
bheith ina chúis le trasnaíocht dhíobhálach ar bhealaí cumarsáide raidió.
Bíodh sin mar atá, ní thugtar aon ráthaíocht nach dtarlóidh trasnaíocht
i bhfearas áirithe. Má bhíonn an trealamh seo ina chúis le trasnaíocht
dhíobhálach ar ghlacadh raidió nó teilifíse, rud a fhéadfar a mheas ach an
trealamh a chasadh as agus air, spreagtar an t-úsáideoir chun an trasnaíocht
sin a chur ina ceart ach ceann de na bearta seo a leanas a dhéanamh:
(1) Cuir an aeróg ghlactha i dtreoshuíomh nó i suíomh nua.
(2) Méadaigh an méid spáis atá ann idir an trealamh agus an glacadóir.
(3) Nasc an trealamh le soicéad atá ar chiorcad nach é an ciorcad é a
bhfuil an glacadóir nasctha leis.
(4) Téigh i gcomhairle leis an déileálaí nó le teicneoir raidió/teilifíse a
bhfuil taithí mhaith aige/aici le cabhair a fháil.
LÁMHLEABHAR ÚSÁIDEORA BLUELINK PRO