EasyManua.ls Logo

optrel crystal 2.0 - Gaeilge

optrel crystal 2.0
44 pages
Print Icon
To Next Page IconTo Next Page
To Next Page IconTo Next Page
To Previous Page IconTo Previous Page
To Previous Page IconTo Previous Page
Loading...
38
GAEILGE
Réamhrá
Ceannbheart is ea clogad táthúcháin a úsáidtear chun na súile, an aghaidh agus an muineál a chosaint in aghaidh
dónna, solas ultraivialait, spréach, solas infridhearg agus teasa i rith oibríochtaí áirithe táthúcháin. Tá an clogad
comhdhéanta de roinnt páirteanna (féach liosta na bpáirteanna spártha). Cuimsíonn scagaire uathoibríoch
táthúcháin scagaire éighníomhach solais ultraivialait agus scagaire éighníomhach solais infridheirg, a mbraitheann
a dtarchuras solais sa raon infheicthe ar lonrachas an stua tátcháin. Tá túsluach ard (geal) ag tarchuras solais an
scagaire uathoibríoch táthúcháin. Tar éis an stua táthúcháin a chur ar siúl, agus laistigh d’am freagartha sainithe,
athraíonn tarchuras solais an scagaire go luach íseal (dorcha). Ag brath ar an múnla, is féidir an clogad a úid le
clogad cosanta agus/nó córas PAPR (Análaitheoir Íonaithe Aeir faoi Chumhacht).
Treoracha sábháilteachta
Léigh an lámhleabhar sula n-úsáidfear an clogad. Déan cinnte de go bhfuil an críochnaitheoir feistithe i gceart.
Mura féidir fabhtanna a réiteach, ní mór éirí as an gcaiséad frithdhallta a úsáid.
Réamhchúraimí agus srianta/rioscaí cosanta
Scaoiltear teas agus radaíocht le linn an phróisis tátcháin, rudaí a d’fadfadh a bheith ina gcúis le gortuithe do
na súile nó don chraiceann. Tugann an táirge seo cosaint do na súile agus don aghaidh. Beidh do shúile cosanta
in aghaidh solas ultraivialait agus radaíocht infridhearg i gcónaí agus an clogad á chaitheamh agat, beag beann ar
an leibal cosanta atá roghnaithe. Ní mór éadaí cosanta cuí a chaitheamh leis an gcuid eile den chorp a chosaint
chomh maith. Féadann cáithníní agus substaintí a scaoiltear le linn an phróisis táthúcháin a bheith ina gcúis le
frithghníomhú craicinn i ndaoine a mbíonn an fhadhb sin acu go hiondúil. I gcás daoine íogaire, d’fhéadfadh
teagmháil leis an gceannpháirt a bheith ina cúis le frithghníomhú ailléirgeach. Ní ceadmhach an clogad táthúcháin
a úsáid ach amháin le haghaidh táthú agus líomhadh agus ní le haghaidh aon fheidhmeanna eile. Ní ghlacfaidh
an monair aon dliteanas mura n-úsáidtear an clogad tátcháin mar a bhí beartaithe nó mura n-úsáidtear de
réir na dtreoracha úsáide é. Tá an clogad oiriúnach do gach gnáthphróiseas táthúcháin, seachas táthú gáis agus
léasair. Tabhair do d’aire an leibal cosanta a mholtar ar an rapar de réir EN169.
Ní thagann an clogad in ionad clogad sábháilteachta. Ag brath ar an múnla, is féidir an clogad a úsáid le clogad
sábháilteachta.
D’fhéadfadh githe dear tha an chlogaid cur isteach ar an réimse radhairc (ní bheidh radharc forimeallach ag an té
ach amháin má chasann sé a cheann) agus d’fhéadfadh tarchuras solais an scagaire uathdhorchaithe cur isteach
ar aireachtáil dathanna. Mar sin, d’fhéadfadh sé nach bhfeicfeadh an té lampaí comhartha ná táscairí rabhaidh.
Ina theannta sinn, tá baol tuairte ann de bharr go bhfuil an chuar-imlíne níos mó (an ceann agus an clogad air).
Laghdaíonn an clogad cumas éisteachta agus braite teasa an duine freisin.
Mód codlata
Tá feidhm uathmhúchta ag an gcaiséad frithdhallta, a shíneann saol an chadhnra. Mura mbaineann níos mó
1 lucsa de sholas an caiséad frithdhallta amach ar feadh thart ar 10 nóiméad, múchann an caiséad frithdhallta
as féin. Leis an gcaiséad a chur ar siúl arís, ní mór na grianchealla a nochtadh do sholas an lae ar feadh tamaillín.
Mura féidir an caiséad frithdhallta a chur i ngníomh a thuilleadh nó mura n-éiríonn sé níos dorcha nuair a lastar an
stua táthúcháin, caithfear cadhnraí nua a chur in ionad na seancheann.
Barántas agus dliteanas
Is féidir teacht ar choinníollacha an bharántais i dtreoracha eagraíocht náisiúnta díolacháin an mhonaróra. Déan
teagmháil le do shain-mhiondíoltóir údaraithe le tuilleadh sonraí a fháil. Ní bheidh feidhm ag an mbarántas ach
amháin i gcás lochtanna ábhair agus déantúsaíochta. I gcás damáiste de bharr úsáid mhíchuí, idirghabháil
neamhúdaraithe, nó úsáid nach bhfuil soláthar déanta ag an monaróir di, beidh idir an barántas agus an dliteanas
ar neamhní. Ar an gcaoi chéanna, beidh an dliteanas agus an barántas ar neamhní má úsáidtear páirteanna
spártha nach páirteanna spártha bunaidh.
Saolré ionchais sheirbhíse
Níl dáta deiridh saolré ag baint leis an gclogadh táthúcháin. Féadfaidh an táirge a úsáid a fhad agus nach mbeidh
aon damáiste, cibé infheicthe nó dofheicthe, déanta dó agus nach dtarlóidh aon mhífheidhmeanna.
Feidhmiú (Treoir Mhearthosaithe)
1. Strapa cinn. Socraigh an strapa uachtarach coigeartaithe (lch. 4) le go mbeidh sé in oiriúint do mhéid do
chinn. Brúigh isteach an cnaipe raicín (lch. 4) agus cas é go dtí go n-oirnaíonn an ceannbheart i gceart,
ach ná bíodh sé ag cur brú ar do cheann.
2. Fad súl agus claonadh an chlogaid. Scaoil na cnaipí glala (lch. 4-5) leis an bhfad idir an caiad agus
na súile a choigear. Coigeartaigh an dá taobh go cothrom agus ná bíodh claonadh ann. Ansin teann na
cnaipí glala in athuair. Is féidir claonadh an chlogaid a choigeartú ach an cnaipe a chasadh (lch. 5).
3. Mód oibriúcháin uathoibríoch/láimhe. Úsáid an lasc shleamhnáin (lch. 6) leis an leibal cosanta a
roghnú. Sa mhód uathoibríoch, déantar an leibhéal cosanta a choigeartú go huathoibríoch do dhéine an
stua trí thagairt do bhrathairí (caighdeán EN 379:2003). Sa md láimhe, is féidir an leibhéal cosanta a
choigeartú ach an cnaipe a chasadh (lgh. 6-7).
4. Leibhéal cosanta. Sa mhód “láimhe”, is féidir leat leibhéal cosanta SL4 - SL8 nó leibal cosanta SL8 - SL12
a roghnú ach an lasc a bhogadh. Déantar mionchoigeartuithe ach an cnaipe poitéinsiadair (lgh. 6-7)
(litreacha liatha) a chasadh. Sa md “uathoibríoch”, bíonn an leibal cosanta (SL4- SL12) i gcomhréir
le EN 379 má bhíonn an cnaipe rothlach (lgh. 6-7) socraithe chuig “N”. Is féidir an cnaipe a chasadh leis an
leibhéal cosanta arna shocrú go huathoibríoch a cheartú suas nó síos suas le dhá leibhéal cosanta (litreacha
glasa) de réir do shainroghanna pearsanta féin.
5. Mód meilte. Brúigh an cnaipe ‘Meilt’ (lch. 4) leis an gcaiséad frithdhallta a shocrú chuig an mód meilte. Sa
mhód sin, díghníomhachtaítear an caiséad agus fanann geall le leibal cosanta SL 2.0. Tosaíonn LED ag
caochadh i ndath dearg (lch. 6) taobh istigh den chlogad lena chur in iúl go bhfuil an mód meilte i ngníomh. Leis
an mód meilte a mhúchadh, brúigh an cnaipe ‘Meilt’ arís. Múchann an mód meilte as féin tar éis 10 nóiad.
6. Íogaireacht. Leis an gcnaipe íogaireachta déantar an íogaireacht solais a choigeartú de réir an stua táthaithe
agus an tsolais chomhthimpeallaigh (lch. 7). Is í an teorainn le “-ard” an gnáthshocrú. Is féidir é seo a
choigeartú as féin ach an cnaipe rothlach a chasadh. Sa raon “Rí-ard”, bíonn sé an-íogair go deo i leith solais.
7. Sleamhnán braiteora . Is féidir an sleamhnán braiteora a shocrú in dhá shuíomh ar leith. Ag brath ar an
suíomh, laghdaítear (lch. 7) nó méadaítear (lch. 7) an uillinn braite solais thimpeallaigh.
8. Rialaitheoir ama oscailte. Ligeann an rialaitheoir ama oscailte (Moill) (lch. 7) duit an mhoill ama oscailte
a roghnú, ó dhorcha go geal. Tacaíonn an cnaipe rothlach le coigeartú leanúnach ó dhorcha go geal idir 0.1
agus 2.0 s
9. Mód breacsholais. Nuair atá an rialaitheoir ama oscailte socraithe chuig moill ard, is féidir éifeacht chéimnithe
(mód breacsholais) a chur i ngníomh dfhonn na súile a chosaint in aghaidh an iarlaoma an-gheal tar éis
tát. Mar sin féin, moltar duit gan an mód breacsholais a úsáid i gcomhair gearrfheidhmeanna tátcháin
creimneála. I gcás an táthaithe creimneála, socraigh an mhoill chuig an íosluach.
Glanadh agus díghalrú
Ní mór an caiséad frithdhallta agus an críochnaitheoir a ghlanadh go rialta le héadach bog. Ná húsáid dianoibreáin
ghlantacháin, tuaslagóirí, alcól ná oibreáin ghlantacháin a bhfuil scrábaigh iontu. Ba chóir lionsaí scríobtha nó
damáistithe a athsholáthar.
Stóráil
Caithfear an clogad táthúcháin a stóráil ag teocht an tseomra i nlaí bogthaise ísle. Le saolré na gcadhnraí a
shíneadh, stóráil an clogadh ina phacáistíocht bhunaidh.
An críochnaitheoir a athsholáthar (lgh. 4-5)
Brúigh an taobhfháiscín isteach leis an gcochnaitheoir a scaoileadh. Ba chóir go mbeifeá in ann é a bhaint anois.
Cuir an críochnaitheoir nua i bhfostú le ceann de na taobhfháiscíní. Tarraing an críochnaitheoir trasna chuig an
dara taobhfiscín agus cuir i bhfostú é. Caithfear brú a chur ar an gcríochnaitheoir leis an méid sin a dhéanamh
ionas go mbeidh an séala ar an gcochnaitheoir teann.
Na cadhnraí a athsholáthar (lch. 9)
Tá cadhnraí cnapchille litiam in-athsholáthraithe sa chaiséad frithdhallta. Má tá tú ag úsáid an chlogaid táthúcháin
le nasc aeir úir, bain an séala sula gcuirfear na cadhnraí nua isteach. Ní mór cadhnraí nua a chur in ionad na
seanchadhnraí nuair a thosaíonn an LED ar an gcaiséad ag caochadh i ndath glas.
1. Bain an clúdach cadhnra go cúramach.
2. Bain na cadhnraí agus faigh réidh leo de réir na rialúchán áitiúil is infheidhme i ndáil le dramhaíl ghuaiseach.
3. Cuir isteach cadhnraí CR2032 mar atá léirithe.
4. Cuir an cdach cadhnra ar ais go cúramach.
Mura n-éiríonn an caiséad frithdhallta dorcha nuair a lastar an stua táthúcháin, déan cinnte de go bhfuil polaraíocht
na gcadhnraí i gceart. Lena fháil amach an bhfuil a ndóthain fuinnimh fágtha sna cadhnraí, tabhair an caiséad
frithdhallta gar do lampa geal. Má thosaíonn an LED ag caochadh i ndath glas, tá na cadhnraí caite agus caithfear
iad a athsholáthar láithreach bonn. Mura bhfeidhmíonn an caiséad frithdhallta i gceart in ainneoin gur cuireadh
cadhnraí nua isteach ann i gceart, caithfear glacadh leis nach féidir é a úid a thuilleadh agus ceann nua a fil.
An caiséad frithdhallta a bhaint/a fheistiú (lch. 8)
1. Tarraing amach an cnaipe ‘Leibhéal Cosanta’
2. Bain an cdach cadhnra go cúramach
3. Díghlasáil sprionga coinneála an chaiséid mar atá léirithe
4. Claon an caiséad amach go cúramach
5. Díghlasáil an tsatailít mar atá léirithe
6. Tarraing an tsatailít amach tríd an gcuas sa chlogad
7. Rothlaigh an tsatailít 90° agus brúigh amach tríd an gcuas sa chlogad í
8. An caiséad frithdhallta a bhaint/a athsholáthar
Feistítear an caiséad frithdhallta ina mhalairt d’ord.
Fabhtcheartú
Ní éiríonn an caiséad frithdhallta dorcha
Coigeartaigh an íogaireacht (lch. 7) Athraigh suíomh an tsleamhnáin braiteora. (lch. 7)
Coigeartaigh an íogaireacht (lch. 7) Athraigh suíomh an tsleamhnáin braiteora. (lch. 7)
Seiceáil gur féidir leis an mbraiteoir solas a fheiceáil Athsholáthair na cadhnraí (lch. 9)
an leibhéal cosanta rógheal
Socraigh leibhéal cosanta níos airde nó úsáid lionsaí daite inmheánacha (lgh. 6-7)
an leibhéal cosanta ródhorcha
Roghnaigh leibhéal cosantaos ísle (lgh. 6-7) Glan an críochnaitheoir nó athsholáthair é (lgh. 6-5)
Preabann an caiséad frithdhallta
Coigeartaigh suíomh an rialaitheora ama oscailte (lch. 7) le go mbeidh sé in oiriúint don phróiseas táthúcháin
Athsholáthair na cadhnraí (lch. 9)
Drochléargas
Glan scáileán an chríochnaitheora an caiséad frithdhallta
Coigeartaigh an leibhéal cosanta le go mbeidh sé in oiriúint don phróiseas táthúcháin
Méadaigh an solas timpeallach
Sleamhnaíonn an clogad táthúcháin
Coigeartaigh/fáisc an strapa cinn in athuair (lch. 4)
Sonraíochtaí
(Coimeádaimid an ceart againn féin athruithe teicniúla a dhéanamh.)
Leibhéal rochtana
Uathoibríoch: 2.0 (staid gheal) 4 < 12 (staid dhorcha)
De láimh: 2.0 (staid gheal) 4 < 12 (staid dhorcha)
Cosaint in aghaidh solas ultraivialait/infridhearg Uaschosaint i ndálaí geala agus dorcha
Am athraithe ó gheal go dorcha 100 μs (23 °C/73 °F) / 70 μs (55 °C/131 °F)
Am athraithe ó dhorcha go geal 0.1 - 2.0 s le “héifeacht bhreacsholais”
Toisí an chaiséid frithdhallta 90 × 110 × 7 mm (3,55’’ × 4,33’’ × 0,28’’)
Toisí an réimse radhairc 50 × 100 mm (1,97’’ × 3,94’’)
Soláthar cumhachta Grianchealla, 2 aonad Cadhnraí ian litiam, 3 V,
in-athsholáthraithe (CR2032)
Meáchan 482 g (17 oz)
Teocht oibriúcháin -10°C – 70°C / 14°F – 157°F
Teocht stórála -20°C – 80°C / -4°F – 176°F
Rangú de réir EN379
Rang optúil = 1 Solas scaipthe = 1
Homaigineacht = 1 Spleáchas ar an uillinn radhairc = 2
Ceaduithe CE, ANSI, EAC, in oiriúint le CSA
Marcálacha breise le haghaidh leagan PAPR
(comhlacht dá dtugtar fógra CE1024)
EN12491 (TH3 i dteannta le e3000, TH3 le haghaidh
leaganacha le hardhat agus e3000)
Páirteanna spártha (Lgh. 8-9)
- Clogad gan chaiséad (SP01) - Fearas deisiúcin 1 (SP06) (Cnaipe íogaireachta,
- Caiséad frithdhallta lena n-áirítear satailít (SP02) cnaipe poitéinsiméadair agus clúdach cadhnra)
- Críochnaitheoir (SP03) - Strapa cinn agus ceanglóirí (SP07)
- Fearas deisiúcháin 2 (taobhfiscíní) (SP04) - Bandaí allais (SP08/SP09)
- Lionsa cosanta inmheánach (SP05)
Is féidir teacht ar uimhir bheacht an earra ar chdach laistigh an lámhleabhair seo (an dara leathanach ón deireadh).
Dearbhú Comhréireachta
Féach an seoladh Idirn ar an leathanach deireanach.
Faisnéis dlí
Tá an cháiis seo ag teacht leis na riachtanais a leagtar síos le halt 1.4 dIarscríbhinn II Rialacn 2016/425
ón Aontas Eorpach.
An comhlacht ar tugadh fógra dó
Le heolas mionsonraithe a fháil, féach an leathanach deireanach.

Related product manuals