GA - RABHAIDH
Nuair a thaispeántar an tsiombail seo ar an táirge, féachtar an treoir suiteála agus úsáideoirí, áit a bhfuil faisnéis agus comhairle
shábháilteachta.
Tá guaiseacha cúngúcháin ann idir páirteanna atá ag gluaiseacht agus idir páirteanna atá ag gluaiseacht agus páirteanna statacha. Ná
coinnigh greim ar cheann an tóireadóra le linn gluaiseachtaí, nó nuair atá tóireadóir á athrú de láimh.
Fainic an chorraíl gan choinne. Ba chóir don úsáideoir fanacht lasmuigh d'imchlúdach iomlán oibre an chinn tóireadóra/bhreisithe/na
dteaglaimí tóireadóra.
Moltar cosaint do na súile i ngach aon fheidhmiú lena mbaineann úsáid uirlisí meaisín nó CMM.
Déan fiúsanna séidte a athsholáthar le comhpháirteanna den chineál céanna. Tagair don fhaisnéis shábhailteachta i gcáipéisíocht ábhartha an
táirge.
Atsholáthair fiúsanna séidte le comhpháirteanna den chineál céanna. Tagair don fhaisnéis sábhailteachta i gcáipéisíocht ábhartha an táirge.
Féach an fhaisnéis chothabhála sa cháipéisíocht a théann leis an táirge bainteach chun treoracha a fháil faoi tháirgí Renishaw a ghlanadh go
sábháilte.
Baintear an chumhacht de sula ndéantar aon oibríochtaí cothabhála.
Féach na treoracha oibriúcháin ó sholáthraí an mheaisín.
Tá sé de dhualgas ar sholáthraí an mheaisín a chinntiú go dtugtar le fios don úsáideoir na guaiseacha a bhaineann leis an oibriú, lena n‐
áirítear iad sin a luaitear i gcáipéisíocht Renishaw faoina dtáirgí féin, agus a chinntiú go soláthraítear comhghlasáil agus cibé cosaint
leordhóthanach eile atá riachtanach.
D'fhéadfadh an tóireadóir comhartha a thabhairt, ar chúinsí áirithe, go bhfuil rud éigin cearr leis go bréagach. Ná braitear ar chomharthaí
tóireadóra le gluaiseacht an mheaisín a stopadh.
Má úsáidtear an trealamh ar bhealach nach bhfuil sonraithe ag an déantúsóir, tharlódh go ndéanfaí dochar don chosaint a sholáthraíonn an
trealamh.