Lián
Rabhadh!
• Ná cuir do lámh isteach sa lián agus é ar siúl. D’fhéadfadh gearrthacha tromchúiseacha a bheith mar
thoradh air nó d’fhéadfadh sé géaga a bhaint fiú amháin.
• Ní mór buíon tógála an liáin a bheith suiteáilte go daingean. D’fhéadfadh míreanna a imíonn uaidh tríd
anaer ina gcúis le gortuithe tromchúiseacha.
• Ná fan i limistéar baoil an liáin agus é ar siúl choíche. D’fhéadfadh sé gruaig fhada, baill éadaigh scaoilte
ar nós fallaingí, léinte scaoilte nó rudaí mar sin a tharraing isteach chuige. D’fhéadfadh codanna a imíonn
tríd an aer a bheith ina gcúis le gortuithe tromchúiseacha.
Treoracha Sábháilteachta Bunúsacha
Seachain!
• Ní mór duit na treoracha uile a léamh ina n-iomláine roimh shuiteáil agus coimisiúnú na samhla RC.
Nímór cloí le hord na treorach.
• Ní ceadmhach imeacht ón treoir mar d’fhéadfadh sin cur isteach ar fheidhmiú agus sábháilteacht
oibríochta na samhla.
• Ní ceadmhach do dhaoine (leanaí san áireamh) a bhfuil cumais shrianta coirp, céadfaí nó intleachta acu
an tsamhail RC seo a oibriú ach amháin faoi mhaoirseacht nó tar éis treoir a fháil ó dhuine atá freagrach
as a sábháilteacht.
•Ní mór an t-samhail RC a láimhsiú go freagrach chun damáiste do dhaoine agus mhaoin a sheachaint.
• Roimh duit an tsamhail RC seo a choimisiúnú ní mór duit tú féin a chur ar an eolas faoi na rialacháin dlí
isinfheidhme a bhaineann duit.
• Ní mór don úsáideoir a chinntiú dó féin gach uair roimh dó an tsamhail RC a úsáid go bhfuil sé sábháilte
agus i riocht maith.
•Nímór árachas dliteanais a bheith agat chun an tsamhail RC a oibriú.
•Ní bréagán é an tsamhail RC seo.
Sábháilteacht agus Freagracht
!
!
Nóta:
•Agus é ceannaithe agat scrúdaigh an t-inneachar maidir lena iomláine agus damáiste.
•Mura bhfuil an t-eitleán á úsáid agat bain an luchtaire tiomána.
•Ná nocht an t-eitleán do thaise aeir ard, teas, fuacht ná salachar.
•Agus an t-eitleán agus an craoltóir á iompar agat, cosain i gcoinne damáiste agus sleamhnaithe iad.
Cothabháil:
Glan an t-eitleán le glantóirí oiriúnacha amháin. Tá éadach éaglúmhach oiriúnach. Ná húsáid glantóirí
ceimiceacha, tuaslagóirí, peitreal glanta, biotáille bhán nó rudaí mar sin.
Cothabháil:
Scrúdaigh daingne na gcomhbhall scriúáilte i gceann tréimhsí rialta.
Spriocghrúpa
Is d’eitleoirí a bhfuil a lán taithí acu agus d’eitleoirí proifisiúnta atá an t-eitleán ceaptha. Níl an tsamhail RC oiriúnach do
leanaí faoi bhun 16 bliana. Ní mór taithí eitilte a bheith ag an te a chuireann an tsamhail RC ar eitilt! Is earra ardleibhéil
dainséarach é an tsamhail RC. Dá bhrí sin ní mór tuiscint chruinn, cumas agus freagracht a bheith ag duine a oibríonn iad.