EasyManua.ls Logo

GRAUPNER HoTTrigger 1400S

GRAUPNER HoTTrigger 1400S
164 pages
Go to English
To Next Page IconTo Next Page
To Next Page IconTo Next Page
To Previous Page IconTo Previous Page
To Previous Page IconTo Previous Page
Loading...
141
140
2015/02/12
GA
• Agus an t-eitleán curtha le chéile agat de réir na treorach, an cianrialú ríomhchláraithe de réir mar atá ráite agus
naluchtairí uile luchtaithe agat is féidir leat tabhairt faoin chéad eitilt.
• Ba chóir gan an iomarca gaoithe a bheith ann ag an chéad eitilt.
• Ní deacair an t-eitleán a thógáil ach níl sé chomh furasta é a chur ar eitilt.
Leideanna agus treoracha don chéad eitilt
1. Déan deimhin de go bhfuil an scóig socraithe ar Motor Stopp i gcónaí nuair a nasctar an luchtaire tiomána
2. Plugáil an luchtaire tiomána i bpluga an rialtáin, casfaidh an mótar an fonn “Do Re Me”
3. I ndiaidh 2 soicind gíogann an mótar fuaim fhada (B--). Ciallaíonn sin go bhfuil an scóig socraithe ag Motor Stopp
igcomhair túis shábháilte.
4. I ndiaidh 2 soicind gíogann an mótar i bhfuaimeanna na feidhme coscáin socraithe.
5. Tá an rialtán réidh chun an mótar a thiomáint.
An rialtán a chur ar siúl
1. Sábháilteacht maidir le tosú: Mura gcasann an mótar laistigh de 2 shoicind tar éis luasghéaraithe múchtar an rialtán
chun tosú neamhsmachtaithe a chosc. Sa chás seo bog an scóig go suíomh Stopp. Cumasaíonn sin an rialtán an
athuair. (D’fhéadfadh cúiseanna mar seo a leanas a bheith leis: Níl an nasc chuig an mótar i gceart, tá an lián bactha,
srl.)
2. Cosaint i gcoinne róthéimh: Má sháraíonn an teocht 110°C déantar an mótar a rialú síos.
3. Laghdú mótair i gcás cailliúint comhartha: Má bhristear an comhartha ón nglacadóir ar feadh breis is soicind amháin
déantar an mótar a rialú síos; breis is 2 soicind: múchtar an mótar.
4. Agus an luchtaire tiomána plugáilte isteach cuirtear na fuaimeanna “beep-, beep-, beep” amach (maireann gach
“beep-” ar feadh 2 soicind). Ciallaíonn sin go bhfuil voltas ró-ard nó ró-íseal ag an luchtaire tiomána.
5. Agus an luchtaire tiomána plugáilte isteach cuirtear na fuaimeanna “beep-, beep-, beep-” amach (maireann gach
“beep-” ar feadh 0,25 soicind). Ciallaíonn sin nach an scóig sa suíomh Motor Stopp.
Feidhmeanna cosanta an rialtáin
Treoracha maidir le cosaint comhshaoil
• Léiríonn an t-siombail ar an táirge, ar an treoirleabhar nó ar an bpacáistiú nach ceadmhach an
táirge a dhiúscairt tríd an dramhaíl tí i ndeireadh a shaolré. Nímór é a chur isteach i mball bailithe
athchúrsála d’earraí leictreacha agus leictreonacha.
• Tá na hábhair inúsáidte de réir a gcomharthaithe. Cuireann tú go mór le cosaint an chomhshaoil tríd
an athúsáid, úsáid ábhair nó i mbealaí eile chun úsáid a bhaint as trealamh seanchaite.
• Ní mór cadhnraí agus luchtairí a bhaint as an ngléas agus iad a dhiúscairt in ionad bailithe oiriúnach.
Cuir tú féin ar an eolas ag an údarás áitiúil faoin ionad diúscartha lena mbaineann.

Table of Contents

Related product manuals