EasyManuals Logo

Renishaw PH10 Series User Manual

Renishaw PH10 Series
70 pages
To Next Page IconTo Next Page
To Next Page IconTo Next Page
To Previous Page IconTo Previous Page
To Previous Page IconTo Previous Page
Page #54 background imageLoading...
Page #54 background image
52
RABHAIDH
GA - RABHAIDH
Tá guaiseacha cúngúcháin ann idir páirteanna atá ag gluaiseacht agus idir páirteanna
atá ag gluaiseacht agus páirteanna statacha. Ná coinnigh greim ar cheann an
tóireadóra le linn gluaiseachtaí, nó nuair atá tóireadóir á athrú de láimh.
Fainic an chorraíl gan choinne. Ba chóir don úsáideoir fanacht lasmuigh d’imchlúdach
iomlán oibre an chinn tóireadóra/bhreisithe/na dteaglaimí tóireadóra.
Moltar cosaint do na súile i ngach aon fheidhmiú lena mbaineann úsáid uirlisí meaisín
nó CMM.
Maidir le haonaid Renishaw a fhaigheann cumhacht ón bpríomhlíne, is iondúil
nach mbíonn aon chodanna laistigh díobh a d’fhéadfadh an t-úsáideoir a shocrú.
Seoltar aonaid fhabhtacha ar ais chuig Ionad údaraithe Renishaw um Sheirbhís do
Chustaiméirí.
Déan fiúsanna séidte a athsholáthar le comhpháirteanna den chineál céanna. Tagair
don fhaisnéis shábhailteachta i gcáipéisíocht ábhartha an táirge
Atsholáthair fiúsanna séidte le comhpháirteanna den chineál céanna. Tagair don
fhaisnéis sábhailteachta i gcáipéisíocht ábhartha an táirge.
Féach an fhaisnéis chothabhála sa cháipéisíocht a théann leis an táirge bainteach chun
treoracha a fháil faoi tháirgí Renishaw a ghlanadh go sábháilte.
Baintear an chumhacht de sula ndéantar aon oibríochtaí cothabhála.
Féach na treoracha oibriúcháin ó sholáthraí an mheaisín.
Tá sé de dhualgas ar sholáthraí an mheaisín a chinntiú go dtugtar le fios don
úsáideoir na guaiseacha a bhaineann leis an oibriú, lena n-áirítear iad sin a luaitear
i gcáipéisíocht Renishaw faoina dtáirgí féin, agus a chinntiú go soláthraítear
comhghlasáil agus cibé cosaint leordhóthanach eile atá riachtanach.
D’fhéadfadh an tóireadóir comhartha a thabhairt, ar chúinsí áirithe, go bhfuil rud
éigin cearr leis go bréagach. Ná braitear ar chomharthaí tóireadóra le gluaiseacht an
mheaisín a stopadh.
Má úsáidtear an trealamh ar bhealach nach bhfuil sonraithe ag an déantúsóir, tharlódh
go ndéanfaí dochar don chosaint a sholáthraíonn an trealamh.

Questions and Answers:

Question and Answer IconNeed help?

Do you have a question about the Renishaw PH10 Series and is the answer not in the manual?

Renishaw PH10 Series Specifications

General IconGeneral
BrandRenishaw
ModelPH10 Series
CategoryMeasuring Instruments
LanguageEnglish

Related product manuals